Stair Teilgin
Chun a chuid saothar a tháirgeadh, tarraingíonn Holger anáil nua sna haoiseanna Cré-umha agus Iarann lena úsáid teicneolaíochta 5,000 bliain chun dealbha cré-umhaí a theilgeadh sa phróiseas céir-chaillte. Go cuí, tá a stiúideó ag bun Chnoc Osta (Mt.Gabriel), áit a bhfuil cuid desna mianach cré-umhaí is aosta in Iar-Thuaisceart na hEorpa. Go minic i gcomhthéacs an turais nó na ceardlainne, imscrúdaíonn sé an gaol idir seandálaíochta na h-áite agus an tírdhreach le bheith ag obair le háitheanna chlaiseanna atá fioghualbhreoslaithe, ag úsáid bolg leathair, chun saothar a mbíonn inspioráidithe go minic le seandálaíocht. Níl mórán fhianaise láithreán oibriú miotail faighte ag seandálaithe taobh amuigh de fhosuithe fhioghuail, sligí mhúnlaí agus mílíthiú talún, agus fágfar sin an-chuid le haimsiú le samhlaíocht agus le triail. Ach, ní hé amháin an ghné sheandálaíochta a spreagann spéis Holger. Le húsáid ábhair na háite, fioghual táirgthe ó fhoinse inbhuanaithe agus cré-umha athchúrsáilte, bíonn an próiseas féin neodrach ó thaobh carbóin de, rud a thairgíonn do dhealbhóirí agus ceardaithe cuir chuige dá gcuid dealbhóireacht nó seodra atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, atá neamhchostasúil agus atá ísealteicneolaíochta.
Tá trealamh adhmad gásúcháin le húsáid ina stuideó teilgcheárta chun astuithe carbóin a laghdú a thuilleadh agus chun úsáid a bhaint as dramhtháirgí a fhorbairt ag Holger faoi láthair. Thiontófadh gásúchán siorradh anuas gásadhmaid glan-loiscthe de scamháin agus millíní adhmaid. Úsáideann sé cheana féin miotal athchúrsáilte agus múnlaí déanta as cré agus gaineamh na háite féin mar chleachtas caighdeánach.
An Próiseas Theilgin Cré-umha | Cleachtas Teilgcheárta Inbhuanaithe












