Ag chur uigeacht ar Miotaseolaíocht na hÉireann
Leanann dealbhóireacht Holger Lönze le traidisiúin fada an Réalachais in ealaín Ghearmánaigh, cé go bhfuil stair shaibhir mhuirí agus sheandálaíochta na hÉireann mar chomhthéacs aige. Is móitíf athfhillteach í an churrach - meafar do thraidisiúin a chomhcheanglaíonn simplíocht foirme l' éiteas inbhuanaithe. Tá rian fágtha ar dhealbhóireacht Holger ag cuannacht na curraí agus an seanchas saibhir atá bainteach lena feidhm. Ag tagairt ar iomramhaí mar Bhran, Breandán agus Suibhne, glacann na fíoracha mhionchruinne, atá go minic tearchaidreamhach, leathfhear, leathainmhí, míshuaimhneas orthu féin, go minic gan treo, gan cheann scríbe acu - fiú amháin an t-alltar meabhlach a bhí ar lorg acu. Uaireanta, buaileann agus trasnaíonn a chéile na teastealaithe aonairaigh seo le seachránaithe eile. Is modh taiscéalaíochta é trasnú foirme am agus foirm trí mheán dealbhóireachta ina chuid saothar agus is eilimint thábhachtach 'is indibhidiúil í de'n theanga fhoirmiúil, rud a tháinig as an taighde a dhein sé ar an t-ábhar, am sa dhealbhóireacht. Creideann Holger go bhfuil fíor-shuntasacht ag coincheap an iomraimh i gcomhthéacs Domhanda, gur féidir le neamhchinnteachtaí chomhshaoil 'is éiginnteachtaí na sochaí iallach a chur ar Cultúir bogadh arís; go ceannphointí anaithnide, mar fhíoracha mhíshuaimhnigh aonaraigh ag iompar trí am. Bíonn báid 'is éin, cloig 'is tonnta, sciatháin 'is gaoth íomhánna athfhilltigh i saothar Holger, meafair mhíshuaimhneas an duine agus dúil bheith ag triall go dtí an Aineoil.


