Traidisiúin Fíodóireachta
Thosaigh forbairt gairmiúil Holger Lönze le printíseacht mar cheardaí troscáin sular aistrigh sé go hailtireacht agus ansin go dealbhóireacht. Tá baint mór le ceird ina chleachtas ealaíne ó shin agus é ag forbairt a scileanna ón adhmad go miotal. Teilgeann sé cuid mhór dá chuid dealbhóireacht agus déanann sé féin a chuid uirlisí ar cheárta bheag chrúdóra. Maidir le hadhmad, is saor bád é agus úsáideann sé deil chleithe chun uirlisí adhmaid a dhéanamh. Ag comhcheangail adhmad agus canbhás, tógann sé yurtanna agus téann sé i bhfiontar seolta a dhéanamh. Ón taithí a fuair sé cré a úsáid dá chuid dealbhóireachta mhóra, thosaigh sé ag déanamh oighinn d'arán as dóib agus múnlaí cré dá chuid dealbhóireachta. Ón taighde a dhein sé don Tionscadal Eden, d'fhoghlaim Holger scileanna traidisiúnta mar aon le fhíodóireacht chiseáin, saothar tuí (íomhá ar dheis) agus lionóilphriontáil.
Tá nasc doscartha idir ábhair ealaíne agus ceirde: cé gur ríthábhachtach é coincheap intleachtach an ealaíne, ní mór le dealbhóir máistreacht a dhéanamh ar armatúir, cré, plástar agus snoí cloiche. Sna úrfhoirmeacha ealaíne cosúil le taibhiú agus ealaín físeáin san dealbhóireacht, tá an chothromaíocht seo aistrithe go so-aitheanta go dtí an bpol intleachtach: go minic bíonn an saothar ealaíne coincheaptha ag an ealaíontóir agus monaraithe ag innealtóirí. Tá an nasc ealaíne/ceirde an-laidir fós i saothar Holger, as a thagann cothromaíocht ionspioráidithe idir an coincheap agus an scil.
\









